- Aoisghrúpa
- 15 bliana nó níos sine
- Réimse
- Cineál an ábhair
Is uirlis éifeachtach iad léarscáileanna a chabhraíonn le léitheoirí eolas casta a thuiscint go tapa agus é a chur i gcomhthéacs geografach. Le huirlis IMAGE Eurostat is féidir leat do léarscáileanna staitistiúla Eorpacha féin a ullmhú agus tá roghanna éagsúla réamhshainithe ar fáil i dtaca le leagan amach. Cuireann an gineadóir léarscáil réimse leathan roghanna ar fáil. Féadfaidh tú sonraí náisiúnta agus réigiúnacha araon a úsáid, na sonraí a uaslódáil nó iad a lódáil go díreach ó bhunachar sonraí Eurostat. Ina theannta sin, tugann an uirlis deis duit díriú ar do thír féin, nó léarscáil dhomhanda a roghnú. Chun tús a chur leis is féidir féachaint ar an rannán cabhrach, áit a bhfuil taispeántas físe agus cleachtaí oiliúna.
Ar an ábhar céanna

Faigh amach faoi ‘Tóraíocht Europa’, an uirlis oideachais nua atá bunaithe ar quiz chun feabhas a chur ar obair foirne agus ar chumarsáid agus nochtadh á fháil ag an am céanna ar institiúidí, stair, cinnteoireacht agus cultúr an Aontais, i measc rudaí eile. Tá sé le fáil i ngach teanga oifigiúil den Aontas agus tá sé foirfe chun an chomhfhoghlaim a chothú!

Níl aon am le cur amú. Tá an t-athrú aeráide ag dul i bhfeidhm orainn go léir ar bhealach amháin nó ar bhealach eile cheana féin.

- Highlighted
An mbeidh todhchaí shláintiúil agat? Roghnaigh d’abhatár agus ar aghaidh leat ar thuras trí lá tipiciúil chun a fháil amach.

Tá gealltanas tugtha ag an Aontas Eorpach 3 bhilliún crann breise a chur faoi 2030. Is cuid dá uaillmhian é chun an dúlra a thabhairt ar ais san Eoraip agus chun dul i ngleic leis an athrú aeráide — agus is féidir le gach duine páirt a ghlacadh ann!

Tá cathracha lán den bhithéagsúlacht agus tá sé tábhachtach go gcosnaímid í óir tá ár gcáilíocht saoil, an t-aer glan, an bia agus an t-uisce atá agai...
AE i sleamhnáin

Tabhair geábh siar san am chun eolas a chur ar thréimhsí tábhachtacha sa stair, ar fhionnachtana, ar mhór-imeachtaí sa spórt agus sa tsochaí agus ar neart eile. Go leor de na nithe sin, tá lorg acu fós ar an Aontas Eorpach sa ré seo

Cabhraigh le do dhaltaí níos mó a fhoghlaim faoi thíortha an Aontais Eorpaigh ag baint úsáide as an léarscáil spraoiúil, idirghníomhach seo. Tóg turas...