Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Learning corner
  • Alt nuachta
  • 9 Bealtaine 2025
  • Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
  • Am léitheoireachta: 1 nóiméad

Lá mór maith na hEorpa oraibh go léir le haghaidh 2025!

happy Europe Day 2025!

Déantar Lá na hEorpa a cheiliúradh gach bliain an 9 Bealtaine!

Ach céard é Lá na hEorpa? Agus cad atá i gceist leis an lá duitse? 
Is ar an dáta sin a síníodh Dearbhú Schuman, an téacs lenar leagadh síos bunús an Aontais Eorpaigh mar is eol dúinn inniu é.  Baineann tábhacht ar leith leis an lá mbliana toisc go bhfuil comóradh á dhéanamh ar shíniú Dhearbhú Schuman 75 bliana ó shin. 

Cén chaoi a ndéanaimid ceiliúradh air? 
Níl aon rialacha socraithe ann don 9 Bealtaine! D’fhéadfá páirt a ghlacadh in imeacht i do bhaile féin, quiz ar líne a dhéanamh le cairde, féachaint ar chlár faisnéise, nó rud éigin a dhéanamh chun go mothóidh tú mar chuid den Eoraip! Is cuma más dalta, múinteoir, tuismitheoir, nó saoránach fiosrach thú, tá neart bealaí ann chun páirt a ghlacadh i Lá na hEorpa. Téigh chuig suíomh gréasáin Lá na hEorpa chun a fháil amach cad atá ag tarlú i ngiorracht duit... agus ná déan dearmad a bhfuil le tairiscint ag Cúinne na Foghlama a fhiosrú! Acmhainní oideachasúla, cluichí idirghníomhacha, quizeanna agus gníomhaíochtaí spraíúla do gach aois.

Is deis ar leith é le bheith mar chuid de rud éigin suntasach trí spraoi a bheith agat agus rud éigin nua a fhoghlaim. Glac páirt, bíodh spraoi agat agus déan ceiliúradh ar an Aontas Eorpach linn! 

Guímid lá mór maith na hEorpa oraibh go léir!

Sonraí

Dáta foilsithe
9 Bealtaine 2025
Údar
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
Type of content
  • News