Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Learning corner
  • Alt nuachta
  • 22 Aibreán 2025
  • Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
  • Am léitheoireachta: 1 nóiméad

Idirphlé Beartais leis an Aos Óg – Do dheis páirt a ghlacadh sa phlé!

Young Policy Dialogues - Your chance to join the discussion!

An bhfuil tú bréan de chluas bodhar a fháil i gcónaí? Tá spás cruthaithe againn ina bhfuil tábhacht le do chuid smaointe!

Le linn an chéad 100 lá dá dtéarma, shuigh gach Coimisinéir de chuid an Aontais Eorpaigh síos le grúpaí daoine óga ar fud an Aontais chun labhairt faoi réimse leathan ábhar, idir thithíocht, an aeráid, scileanna agus an tsláinte. ‘Idirphlé Beartais leis an Aos Óg’ a thugtar ar na himeachtaí sin, agus beidh siad ar siúl gach bliain.  

Cén fáth a bhfuil sé sin tábhachtach?  

Is mian leis an gCoimisiún Eorpach ionchur ceart a bheith ag daoine óga maidir leis an gcaoi a n-oibríonn ár sochaithe agus ár ndaonlathais. Is éard atá i gceist leis sin a chinntiú go gcuirfear tuairimí daoine óga san áireamh i mbeartais an Aontais. 
Le linn an idirphlé, d’idirghníomhaigh na Coimisinéirí leis na daoine óga agus d’éist siad lena dtuairimí – cad é atá ag obair, cad é nach bhfuil ag obair, agus cad é is gá a athrú.

Cad a tharlóidh anois?  

Tá príomhphointí na bpléití sin foilsithe, agus is mian linn cloisteáil uaitse anois. Iarraimid ort trácht a dhéanamh ar na haighneachtaí atá ann cheana agus tacú leo. Is féidir leat freagra a thabhairt ar nótaí tráchta freisin agus leanúint den chomhrá.

Do dheis atá ann páirt a ghlacadh sa díospóireacht agus a chur in iúl dúinn cad é do mheas féin ar na topaicí tábhachtacha sin. 

Sonraí

Dáta foilsithe
22 Aibreán 2025
Údar
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide