
Is é Lá Idirnáisiúnta an Oideachais an 24 Eanáir an ócáid chun machnamh a dhéanamh ar chumhacht an oideachais chun ár ndomhan a mhúnlú. Is é téama na bliana seo ‘An Intleacht Shaorga agus an tOideachas: Gníomhú daonna a chaomhnú i ndomhan ina bhfuil an t-uathoibriú i réim’. Leis an téama sin, leagtar béim ar an tábhacht a bhaineann leis an oideachas chun dul i ngleic le forbairtí nua teicneolaíochta.
De réir mar a éiríonn IS agus córais ríomhaireachta níos sofaisticiúla, tá sé riachtanach gníomhú daonna agus cinnteoireacht a chaomhnú. Tá an t-oideachas ríthábhachtach chun na scileanna a thabhairt do dhaoine chun dul i ngleic le forbairtí teicneolaíochta, chun iad a thuiscint agus chun tionchar a imirt orthu. Cinnteofar leis sin go bhfanfaidh daoine le bheith ar thús cadhnaíochta sa chinnteoireacht agus sa nuálaíocht. Ar Lá Idirnáisiúnta an Oideachais, déanaimid ceiliúradh ar ár múinteoirí agus ár n-oideoirí a chabhraíonn le daoine óga a chumhachtú chun go n-éireoidh leo i ndomhan atá ag athrú go tapa.
Faigh tuilleadh eolais anseo faoin gcaoi le IS agus le huathoibriú a chomhtháthú i do chleachtais teagaisc trí bhreathnú ar na treoirlínte maidir le hÚsáid na hintleachta saorga (IS) agus sonraí sa teagasc agus san fhoghlaim.

Dearadh na treoirlínte seo chun cuidiú le hoideoirí agus le saoránaigh tuiscint a fháil ar an acmhainneacht a bhaineann le feidhmeanna úsáide IS agus sonraí san oideachas, sin agus feasacht faoi na rioscaí féideartha a mhúscailt.
Sonraí
- Dáta foilsithe
- 24 Eanáir 2025
- Údar
- Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide